Covid-19

Is oth le Coiste Náisiúnta an Chumainn Scoildrámaíochta a fhógairt nach mbeidh Féile Náisiúnta á cur ar bun i mbliana agus nach mbeifear ag leanúint ar aghaidh le haon fhéile cúige nár reáchtáladh go dtí seo mar thoradh ar an gcoróinvíreas, Covid-19. Is mian leis an gCoiste buíochas a ghabháil le hoifigigh uile an Chumainn agus leis na múinteoirí agus na scoláirí a ghlac páirt in ár gcuid féilte agus ag súil go mbeimid ar fad ar ais le chéile arís in 2021.

Féile Cheatharlach 2019

Tá éacht déanta ag Coiste Cheatharlach i mbliana.

Beidh thart ar 12 dhráma ar fad ar stáitse in Amharclann George Bernard Shaw ar an mbaile ar 7 Márta 2019 – thart ar 10 gcinn as na bunscoileanna agus 2 cheann as na meánscoileanna. Is í Rita Kelly a bheidh i mbun moltóireachta ag an bhféile.

Déanaimíd comhghairdeas le gach duine a bhfuil baint acu leis an ngaisce seo agus guímid gach rath ar na scoileanna ar fad a bheidh ag glacadh páirte ann.