Leasú ar na Comórtais

Baineann an leasú seo le scoileanna beaga (scoileanna ina bhfuil triúr oide ranga nó níos lú), Comórtas 2 go sonrach. Chinn an Coiste Riartha Comórtas 2 a scoilt ina dhá chuid – Comórtas 2a agus 2b. Is do scoláirí na scoile i Rang 3 agus Rang 4 Comórtas 2a agus is do scoláirí na scoile i Rang 5 agus Rang 6 Comórtas 2b. Tógadh an cinneadh seo chun go mbeadh roinn seo ag teach leis na ranna gaolmhara eile (Roinn II agus Roinn III).

Ceardlann Drámaíochta 2024

Tá cúrsa drámaíochta á reáchtáil in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Gaoth Dobhair ar an Satharn, 23ú Samhain 2024.
Tá fáilte mhór roimh fhoireann na scoile, tuismitheoirí a bhfuil baint acu le drámaí nó daoine eile a mbeadh suim acu ann.
Táille: €10 – le híoc ar an lá (tae / caife agus lón san áireamh).
Spriocdháta le hiarratas a dhéanamh: 18 Samhain (sonraí teagmhála thíos)

 

Clár an Lae
• 9.45 r.n.   Clárú agus Tae/Caifé
• 10.00 r.n. ‘Ag cur dráma do pháistí ar an ardán’
Louise Nic Giolla Chearra
• 11.00r.n. ‘Léiriú agus Aisteoireacht’
Manus Ó Duibhir
• 1.00.i.n.  Greim le hithe / Lón
• 2.00.i.n.  ‘Cúrsaí teicniúla an dráma’
Eoghan Mac Giolla Bhríghde
• 3.30i.n.  Críoch / Ceisteanna

Teagmháil: E: noelogallchoir@hotmail.com
M: 087 6484944
F: www.facebook.com/thallisabhus

An Fhéile Náisiúnta 2024

Reáchtálfar ár bhFéile Náisiúnta in Áras na nEalaíon ar an Muileann gCearr thar sé lá ó 17-19 Aibréan agus ó 22-24 Aibréan.

Is í Neasa Ní Laoire a bheidh i mbun moltóireachta i mbliana.

Guímid gach rath ar gach aon scoil a bheidh ag glacadh páirte. Tá céad míle fáilte romhaibh ar  fad a bheith linn i rith na féile.

Torthaí 2023

Beidh torthaí na féile náisiúnta ar fáil anseo tráthnóna Déardaoin, 4 Bealtaine 2023, ag thart ar 6 i.n.

Seo thíos an nasc chuig na torthaí:

https://www.scoildramaiocht.ie/feile-naisiunta-2023-torthai/

Má dhéantar an nasc sin a chliceáil roimh ré, déarfar nach féidir teacht ar an leathanach ach beidh fáil air a luaithe agus a bheidh na torthaí againn.

Mura n-oibreoidh an nasc duit tráthnóna Déardaoin, lean na céimeanna seo a leanas:
– téigh go www.scoildramaiocht.ie
– cliceáil ar an táb Féilte & Comórtais
– téigh go Féile Náisiúnta 2023 sa roghchlár anuas agus roghnaigh Féile Náisiúnta 2023 – Beidh na torthaí ansin.

Ádh mór oraibh ar fad.

An Fhéile Náisiúnta 2023

Tá an-áthas orainn a fhógairt go mbeidh clár iomlán againn i mbliana don Fhéile Náisiúnta 2023 agus drámaí linn ó gach cearn den oileán seo againne idir thuaidh agus theas.

Reáchtálfar an fhéile in Áras na nEalaíon ar an Muileann gCearr thar sé lá ó 26-28 Aibréan agus ó 2-4 Bealtaine.

Is é Seán de Búrca a bheidh i mbun moltóireachta i mbliana.

Guímid gach rath ar gach aon ghrúpa a bheidh ag glacadh páirte. Tá céad míle fáilte romhaibh ar  fad a bheith linn i rith na féile.

Fáilte thar n-ais!!

Tá an-áthas orainn a fhógairt go mbeidh féilte scoildrámaíochta ar siúl fud fad na tíre in 2023 agus sinn ag tnúth le bualadh lenár seancháirde arís agus le cairde nua a dhéanamh chomh maith céanna. Tá fáilte is céad romhaibh ar fad a bheith linn.